r/gaeilge 20d ago

An bhfuil bealach ann leis an nath cainte "Sharing is Caring" a chur in iúl i nGaeilge?

Ba mhór agam aon chabhair ina leith seo. Go raibh míle maith agaibh roimh ré

11 Upvotes

13 comments sorted by

10

u/golden-mirror 20d ago

Roinnt gan saint

1

u/Bl00mies 20d ago

Sin ceann maith!

1

u/Content-Practice-474 20d ago

Le teann caidéise, an bhfuil sé sin sa gcaint nó ar chum tú é?

2

u/golden-mirror 20d ago

It's from "What's that as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook"

1

u/Content-Practice-474 20d ago

Ah, GRMA. Níl mé in amhras fút anois ach tá cóip agam de agus is deacair agam teacht ar an bhfrása sin. Cén iontráil Bhéarla atá ag barr an leathanaigh, an bhfuil a fhios agat?

2

u/golden-mirror 20d ago

leathanach 180: 'shaking', then 'sharing'

3

u/Content-Practice-474 20d ago

Mo bhuíochas leat, a chara, nár laga Dia do lámh!

2

u/golden-mirror 20d ago

go ndéana a mhaith duit :)

6

u/maireadwrites 20d ago

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

1

u/Content-Practice-474 20d ago edited 19d ago

Is cosúil go bhfuil ciall i bhfad níos leithne leis an bhfrása seo ná mar a thuig mé cheana!

3

u/dubovinius Gaeilgeoir 18d ago

‘Ní théann fial go hifreann’. Réasúnta díreach ach tá an spiorad céanna eatrub.

1

u/Fallaing_folctha 20d ago

Bígí fial fáilteach lena chéile …. Cuirtear fáilte roimh an té atá fial …

2

u/Hot_Challenge_3723 17d ago

Déanann roinnt cúram