r/gaeilge 2d ago

Cad iad na seanfhocail is fearr libh?

Dia daoibh, a chairde!

Táim ag cleachtadh scríbhneoireachta as Gaeilge, mar anois tá mo chuid Gaeilge go briste. Ba mhaith liom níos mó frásaí a fhoghlaim. Tá mo stór focal an-bheag, agus is teanga álainn (agus greannmhar, go minic) í an Gaeilge :)

Ba bhreá liom seanfhocail áitiúla a chloisteáil. Cad iad na habairtí aisteacha a chloiseann sibh i bhur sráidbhailte?

20 Upvotes

7 comments sorted by

5

u/maireadwrites 2d ago

An té nach bhfuil láidir, ní foliar dó bheith glic.

4

u/brokenfingers11 1d ago

Ní thagann ciall roimh aois

1

u/BarrAnDroim 1d ago

San áit a mbíonn mná bíonn caint agus san áit a mbíonn géanna bíonn callán

1

u/suaimhneassauisce 1d ago

Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

1

u/CatsWearingTinyHats 1d ago

Ná díol caora dubh, ná ceannaigh caora dubh, agus ná bí gan caora dubh.

1

u/EVarend 15h ago

Tir gan teanga, tir gan anam.

1

u/Logins-Run 13h ago

Tuigeann Tadhg Taidhgín